Eoghan Ó Néill – agallamh leis an iriseoir faoina leabhar nua

Fear a bhfuil an snáithín siúlach ina stoca aige é an t-iriseoir Eoghan Ó Néill. Tá an dara leabhar faoina chuid taistil eisithe anois aige, Cathracha i gCóngar is i gCéin (Coiscéim, 2011).  Ba é Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile, a sheol an leabhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn 24 Meán Fómhair ag imeacht a d’eagraigh Coiscéim Feirste.

Bronnadh dealbh ar an fhoilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh ó Choiscéim ag ócáid seolta an leabhair fosta. Dúirt Áine Nic Gearailt, úinéir An Ceathrú Póilí, an siopa leabhar atá lonnaithe sa Chultúrlann, gur “comhartha buíochais [a bhí ann] don obair uilig atá déanta aige le linn na mblianta go háirithe ar son scríbhneoirí Uladh.”

Go deimhin, aithníodh an mhór-obair atá déanta ag Áine féin thar na blianta leis an Ghaeilge a chur chun cinn i mBéal Feirste nuair a rinne Séamus Mac Seáin í a mholadh agus dealbh a bhronnadh uirthi.

Ach ba lá mór Eoghain Uí Néill a bhí ann. Is Feirsteach é a bhíonn ag craoladh ar bhonn laethúil ar Raidió Fáilte. Bhí sé ar bhunaitheoirí na seirbhíse nuachta ar líne, Nuacht24 agus chaith sé tamall de bhlianta ina Eagarthóir ar an nuachtán . Bronnadh Gradam Oireachtais Iriseoir na Bliana air i mbliana.

Eoghan Ó Néill, Iriseoir na Bliana ag Oireachtas na Gaeilge 2009 agus 2011. Grianghraf le Clive Wasson

Deir sé faoi na cathracha a bhfuil seal caite aige iontu go mbíonn siad “contúirteach agus ainrialach, salach agus uaigneach, mar aon le bheith álainn, corraitheach agus meallacach. Ní bhíonn cathracha riamh leadránach.”

Le 30 bliain agus breis anuas tá foghlamtha ag Eoghan gur “pailmseist í gach cathair, go mbíonn i bhfad níos mó faoi dhlaoi i gcathair ná mar a bhíonn le feiceáil ar an chéad nó, fiú amháin, ar an dara radharc.”

Tá súil ghrinn an iriseora fhadtaithí ag an Niallach. Thug sé a fhad le 17 gcathair sinn ina chéad leabhar, Cathracha, leabhar a ainmníodh ar ghearrliosta Ghradaim Glen Dimplex. Sa leabhar nua, Cathracha i gCóngar is i gCéin, tugann sé go 18 gcathair eile sinn. Is cathracha turasóireachta fadbunaithe cuid acu, mar atá, an Róimh, Páras, Maidrid agus Vín. Roinnt eile acu, bhíodh drogall thar na blianta ar dhaoine cuairt a thabhairt orthu – leithéidí Chathair Pheadair agus Mostar, Vársá agus Béal Feirste, a chathair dhúchais.

Agus tá an tríú saghas cathrach faoi chaibidil sa leabhar nua – iad sin nach baol go dtabharfaidh bunús againn cuairt orthu go deo, leithéidí La Paz, Torshavn agus Líoma Pheiriú.

Deir Eoghan, “Gach cathair acu, tá saol ar leith agus scéal ar leith le haimsiú inti. Nó tá an chathair cosúil leis an duine: bíonn carachtar agus pearsantacht dá cuid féin ag gach cathair acu; bíonn guth, boladh agus mothúchán ar leith ag gach ceann acu.”

Taitníonn an taisteal an oiread sin leis an iriseoir “cionn is gur athrú é ar an ghnáthshaol. Ní féidir aon rud a thuar agus tú ag taisteal: cén áit a rachaidh tú a luí, cad é a íosfaidh tú don bhricfeasta, cé a chasfar ort sa lá, cad é an sórt spionn a chuirfidh áit nó taithí ort. Cuireann sé iontas agus neamhchinnteacht ar ais sa saol laethúil. Lena chois fágann sé thú i dtuilleamaí strainséirí. Bíonn ort dul sa tseans, a bheith oscailte, muinín a chur i strainséirí.”

Eispéireas ar leith a luann an t-iriseoir leis an taisteal ná an dearcadh úr a fhaigheann sé air féin mar dhuine. “Ní hionann agus a bheith sa bhaile níl aon aithne ag na strainséirí seo ort. Feiceann tú tú féin trí shúile daoine atá ag bualadh leat den chéad uair riamh. Táimid uilig fiosrach. Ba mhaith linn rudaí nua a fheiceáil, a bhlaiseadh, a thriall. Sásaíonn an taisteal an mian sin. Agus ar fhilleadh ar Éirinn is amhlaidh go gcuireann mo sheal thar lear faobhar breise leis an saol atá agam sa bhaile. Tchím go bhfuil rudaí thar lear atá i bhfad níos fearr ná sa bhaile – agus a mhalairt.”

As na háiteanna uile ina raibh Eoghan, chuaigh an Bholáiv i bhfeidhm go mór air.

“Turas ar Bhóthar an Bháis sa Bholáiv an turas a ba chontúirtí agam riamh,” a deir sé go daingean. “Bhí mé réidh don bhás agus ag dréim leis an bhás nuair a bhí an bus i sáinn ar ród beag le taobh aille.

“Ba thaithí ar leith é seal a chaitheamh in La Paz na Boláive, cathair mhór mar a bhfuil bundúchasaigh i réim seachas sliocht na Conquistadores.”

Mhothaigh sé codarsnacht idir an sean agus an nua ann. “Áit í mar a raibh, i bhfírinne, atmaisféar na 15ú haoise i réim oiread le luachanna an lae inniu.”

Bíonn tréithe ar leith le sonrú ar áitritheoirí na gcathracha. “Chuaigh éirimiúlacht agus deis cainte na ndaoine óga in Soweto agus i gCúba, mar aon lena n-idéalachas, go mór i bhfeidhm orm.”

Spreagtar na céadfaí agus tú in áit choimhthíoch agus tráchtann Eoghan ar cheann de na rudaí is mó a thaitin leis agus é thar sáile: “gairm na Muzzein le breacadh an lae agus iad ag muscailt Iostanbúl ceantar ar cheantar faoi mar atá déanta acu leis na mílte bliain.”

Anois go bhfuil an leabhar nua seolta níl sé i gceist ag an Niallach a scíth a ligint ná baol air. “Tá mé ag beartú sraithe de leabhráin ar ghnéithe de shaol na Gaeilge i mBéal Feirste, go háirithe ó na 1980í go dtí an lá inniu, am a bhí mé féin páirteach ar imeall nó i lár cuid de na himeachtaí ann. Mar aon leis sin tiocfaidh an tríú leabhar sa tsraith ‘Cathracha’.”

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Eoghan Ó Néill – agallamh leis an iriseoir faoina leabhar nua

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s