An Deighilt Dhigiteach le hÚna Ultach


Úna Ultach
Ceart daonna é rochtain ar an idirlíon dar leis an Ard-Chúirt sa Fhrainc


Is fúinne atá cuidiú le cairde, gaolta agus comharsana atá fágtha san aois seo caite agus atá i ngreim ag an bhochtaineacht theicneolaíoch, dar le hÚna Ultach.

Cad é an sórt rud é an t-idirlíon? An bréagán é? An uirlis é? Nó an rachfá níos faide ná sin?

De réir Ard-Chúirt na Fraince, is ceart daonna é bheith ceangailte leis an idirlíon. San Fhionlainn, tá ceangal curtha ar fáil ag an rialtas do gach teach sa tír.

Anois, tá mise tugtha dó, mar is eol duit cheana. Ach an fíor é go bhfuil fíor-mhíbhuntáiste anois leis an saol gan an gréasán? Agus más fíor sin, an bhfuil ann anois do ‘bhochtanas teicneolaíochta’?

Bhí sé sa nuacht ar na mallaibh go mbeidh Ardscoil Wallace i Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma, ag úsáid iPads in áit páipéir sa seomra ranga as seo amach. (Ríomhairí beaga tánaí atá iontu lena dtig leat taighde a dhéanamh ar an idirlíon, leabhair a léamh, ceol a sheinm, amharc ar ghriangraif srl.)

Ag an am céanna, tá scoileanna eile ann nach bhfuil ach cúpla ríomhaire acu le roinnt idir na céadta dalta.

An léiriú é seo ar dheighilt nua dhigiteach – deighilt a chiallaíonn go bhfuil fáil ag cuid againn ar ardteicneolaíocht, ar cheangal gasta idirlín agus ar na scileanna agus eolas chun iad a úsáid, ach go bhfuil daoine eile fágtha sa dorchadas, gafa sa 20ú haois?

Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach sampla eile den seanscéal meirgeach maidir le míchothromaíocht inár sochaí.

Tá na figiúirí fíorshuimiúil. Tá 30% de thithe as líne go fóill. Ach níos suntasaí arís ná sin, tá 10 milliún duine sa Ríocht Aontaithe nár úsáid an t-idirlíon riamh.

Bhain an figiúr sin geit asam. Ní ceist bochtanais thraidisiúnta é seo, ná gnáthchás míchothromaíochta. Mar tá grúpaí ar leith i gceist sa 10 milliún seo. Tá 40% díobh thar 65 bliain d’aois, agus 40% as obair go fadtéarmach.

Is í an réabhlóid dhigiteach an rud is mó a tharla sa ghlúin seo, rud a d’athraigh cumarsáid, gnó, oideachas agus caidrimh phearsanta.

Cuireann sé buaireamh ormsa go bhfuil daoine, 10 milliún acu, fágtha ar gcúl.

Sábhálann teaghlach £560 nó €630 ar an mheán gach bliain mar thoradh ar shiopadóireacht agus íoc billí ar líne. Dá mbeadh an rialtas ag iarraidh an méid céanna a thabhairt dúinn tríd an phinsean stáit, chosnódh sé £6bn sa bhliain ar an rialtas.

Mar gheall ar easpa teicneolaíochta, níl an rogha ag na daoine seo earraí a cheannach ar leathphraghas ar líne, nó comparáid praghasanna a dhéanamh sula gceannaíonn siad sna ‘fíorshiopaí’ iad, fiú.

Ach ní ceist airgid amháin atá ann. Chím go minic anois go nglactar leis go bhfuil fáil ar an idirlín ag an phobal.

Go dtí ar na mallaibh, bheadh eolas ar phóstaer faoi chúrsaí, imeachtaí srl. Anois, bíonn ceannteideal agus seoladh gréasáin, gan eolas ar bith. Mura bhfuil tú ar an idirlíon, níl tú ar an eolas.

Ach nuair a smaoiním ar an dá mhórghrúpa nach raibh riamh ar líne – na daoine breacaosta, agus an dream atá dífhostaithe go fadtéarmach – tá an míbhuntáiste atá orthu níos measa arís. Mar is iadsan na daoine céanna ar a bhfuil an teicneolaíocht de dhíth go géar.

Tá scileanna ríomhaireachta de dhíth chun 90% de jabanna a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Gan iad, má tá tú ‘neamhliteartha’ sa saol digiteach, beidh sé deacair obair a fháil.

Ar ndóigh, bíonn na mílte post fógraithe ar líne, míbhuntáiste dúbáilte ag ár gcairde gan rochtain ar an idirlíon.

Agus cad é faoi na daoine thar 65? Nach bhfuil leithscéal acusan?

Deir 63% díobh nach bhfuil fáth ar bith dul ar an idirlíon. Taobh amuigh den tsábhailt airgid, ba chóir go spreagfadh sé iad gur féidir siopadóireacht throm a fháil seachadta chun an tí, bronntanais a chur chuig na garpháistí thar sáile gan stró agus billí a íoc gan an teach a fhágáil.

Agus deir an mórthromlach d’úsáideoirí idirlín go méadaíonn sé cumarsáid le cairde, leis an teaghlach, agus go dtagann níos mó teagmhála san fhíorshaol mar gheall air. Go beacht, maolaíonn sé an t-uaigneas.

Domsa, ní féidir liom a shamhlú níos mó gan a bheith ábalta eolas breise a fháil faoi scéal sa nuacht nó clár raidió, mo chuid fiosrachta a shásamh faoi  cheist sláinte, léarscáil a phriontáil chun teach nua mo charad a aimsiú nó léirmheasanna a léamh faoin bhialann nua Iodálach i lár an bhaile.

Ní saol nua atá i gceist, ach éifeacht sa tseansaol, eolas ar an toirt agus nasc le cairde.

Gan amhras, tá sé tábhachtach nach bhfágaimid codán nach beag dár ndaonra ar gcúl sa mhílaois dheireanach. Ach, ní fheicim féin go bhfuil an réiteach i lámha an rialtais, nó sna cúirteanna ceart daonna.

Tá an dualgas seo orainn féin. An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin nach bhfuil ar líne go fóill? Máthair, Daideo nó comharsa béal dorais? An dtig leat cuidiú leo, taispeáint dóibh, iad a spreagadh leis an ‘léim’ seo chun tosaigh a dhéanamh?

Advertisements

2 thuairim ar “An Deighilt Dhigiteach le hÚna Ultach

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s