In Ainm na Máthar le Máire Zepf

Daidithe na Nollag

Tá maitheas an dátheangachais agus an ilteangachais don pháiste aitheanta go forleathan ar fud an domhain. Ach, tí Zepf, tá buntáisti níos fearr arís ag baint leis. Mar, créid é nó fág é, tagann beirt Daidithe na Nollag ar cuairt orainne gach bliain.

Líonann Nikolaus, an duine Gearmánach, buataisí na bpáistí daofa ar 6 Nollaig, agus tagann Daidí na Nollag Gaelach chucu ar 24 Nollaig leis na stocaí a líonadh le rudaí deasa. Deirim ‘Gaelach’ mar go scríobhann na páistí chuige i nGaeilge, go bhfreagraíonn an fear mór le litir phearsanta i nGaeilge (a bhuíochas sin le Comhluadar i mBaile Átha Cliath) agus go dtugann sé leabharthaí Gaeilge go minic mar bhronntanas. Thuig Áine go luath go raibh Daidí na Nollag difriúil aici leis an duine a thagann chuig na cairde scoile mar gheall ar an stíl éagsúil atá ag Santa an Bhéarla – Nintendos a thugann seisean in áit leabharthaí, Hannah Montana in áit ábhar ceardaíochta agus gutháin phóca in áit babógaí. Ní lúracáin atá aigesean ag déanamh na bhféiríní de láimh sa Mhol Thuaidh, ach monarcha ardteicneolaíochta áit éigin sa tSín agus scaireanna i gcomhlacht Disney.

Tá Nikolaus na Gearmáine i bhfad go deo níos seanfhaiseanta arís ná Daidí na Nollag Gaelach. Caitheann seisean éadaí dearga easpaig agus tá cros ar a hata ard de mhítéar. Cuirtear amach bróga nó buataisí dó, agus líonann sé le cnónna, seacláid agus bréagáin bhídeacha iad. Go traidisiúnta, fágann sé Rute chomh maith, slaitín adhmaid déanta as cipíní ceangailte le chéile mar shiombail ar an phionós a ghearrtaí ar an pháiste as a dhánacht. Aitheantas é seo go mbíonn gach páiste maith agus dalba. Cionn is nach nós le tuismitheoirí sa lá atá inniu ann a bpáistí a bhualadh le slatanna, scríobhann Nikolaus litir chuig na páistí, á moladh as na rudaí maithe a rinne siad i rith na bliana agus ag iarraidh orthu gné amháin dá gcuid iompair a fheabhsú sa bhliain ina dhiaidh sin. (Bíodh geall go mbeidh sé ag moladh don bheirt is sine níos lú troda a dhéanamh lena chéile i mbliana). Nuair a chluineann cairde na bpáistí go dtig Daidí na Nollag Gearmánach an bealach iomlán go hÉirinn le bronntanais a thabhairt daofa siúd a labhraíonn Gearmánais, bíonn siad uilig ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. Níl rud ar bith chomh heifeachtach leis an bhreabaireacht.

In amanna, bím cráite ag na scéalta éagsúla seo uilig, agus na ceisteanna nach féidir a fhreagairt: an gcónaíonn na Dadaithe Nollag uilig le chéile? An bhfuil Nikolaus mar ainm orthu uilig? Cad é an teanga a labhraíonn siad le chéile? Ansin, cuimhním ar an Nollaig i mBaváir na Gearmáine anuraidh, agus bím buíoch nach máthair Ghearmánach mé.

Tá miotaseolaíocht na Nollag fíorchasta thall ansin. Chomh maith le Nikolaus, a thagann ag tús na míosa, bíonn bronntanais ‘draíochta’ ann arís ar an cheathrú lá is fiche. A bhuíochas le Martin Luther, a bhí ag iarraidh an Nollaig a bheith níos dírithe ar an leanbh Íosa, tagann an Christkind – babaí Íosa é féin – ag eitilt an fhuinneog isteach chuig páistí Protastúnacha. Maisíonn sé an crann Nollag agus fágann sé féiríní faoi, agus seo uilig i rith an tráthnóna! Is é an Weihnachtsmann, fear na Nollag, a thagann chuig na Caitlicigh. Seo Nikolaus a chuaigh ar imirce go Meiriceá roinnt céadta bliain ó shin agus a d’fhill – leis an teilifís – cóta fionnaidh agus dáta nua cuartaíochta aige. Níl a fhios agam cad é mar a mhíníonn na tuismitheoirí a leithéid de thranglam do na leanaí!

Is iontach, i ndáiríre, go gcreideann páistí na scéalta seo uilig a thagann salach ar a chéile, fiú nuair a bhíonn a fhios acu go gcreideann páistí eile rud éigin difriúil agus go bhfeiceann siad, in amanna, fianaise ina n-éadan. Ach ní thig le páistí atá níos óige ná ‘aois an réasúin’ – 7 nó 8 mbliana – idirdhealú ceart a dhéanamh ar scéalta agus fíricí. Creideann siad i ndraíocht agus bíonn samhlaíocht iontach láidir iontu.

Ar ndóigh, tá tuismitheoirí ann a chreideann nár chóir bréag ar bith a insint do pháiste, agus sílim go bhfuil an dearcadh sin ciallmhar, siosmaideach, uasal. Ach is breá liomsa an draíocht – na sceitimíní oíche Nollag agus muid ag crochadh na stocaí os comhair na tine agus an lúcháir ar maidin nuair a osclaíonn siad na féiríní beaga uilig.

Creideann páistí Zepf go láidir go fóill sa draíocht, ach tiocfaidh an lá – roimh i bhfad – nuair a thosóidh na hinchinní beaga s’acu ag measúnú na bhfíricí ar bhonn eolaíochtúil agus bogfaidh siad i dtreo na réasúnaíochta. Is comhartha aibíochta é an sceipteachas. In amanna, cuidím leo giota beag ar an turas seo. Luaim, mar shampla, gur duine i mbréagriocht atá sna Daidithe Nollag sna hionaid siopadóireachta (nach mbeadh fíor-Dhaidí na Nollag ag iarraidh cnap airgid orainn lena fheiceáil, agus nach dtabharfadh sé bréagán beag suarach dúinn a thitfeadh as a chéile sula mbainfimis an gluaisteán amach). Ach ní maith le Cillián m’ionchur réasúnach. “Ach, a Mhamaí,” a deir sé, “chonaic muid Daidí na Nollag sa Chultúrlann anuraidh agus bhí aithne aige orainn. Bhí a fhios aige gach rud! Caithfidh go raibh sé fíor!”

Is beag bídeach saol na Gaeilge, ach bhí sé sin cinéal draíochta ceart go leor.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “In Ainm na Máthar le Máire Zepf

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s