Fuil, Toirneach agus Ciceanna ar an Phápa

Tá leabhar scríofa ag Darach MacDonald ar an bhliain a chaith sé leis na Castlederg Young Loyalists. Labhair sé le hAnton Mac Cába.

Darach MacDonald

Ní fíor go mbíonn bannaí ‘Ciceáil an Pápa’ ag caitheamh a gcuid ama ag bualadh ciceanna ar an Phápa ná ar a lucht leanúna. Is amhlaidh gur ceoltóirí oilte sofaisticiúla iad atá mar dhlúthchuid de dhúchas na hÉireann. Is í sin an bharúil atá ag Darach MacDonald a bhfuil leabhar nua scríofa aige ‘Blood and Thunder – Inside an Ulster Protestant Band’. Tá an leabhar bunaithe ar bhliain a chaith sé ag dul thart le banna ar leith, na ‘Castlederg Young Loyalists’.

Déarfadh Darach nach le traidisiún na mbannaí a bhaineann sé féin. Is as Cluain Eois i gContae Mhuineacháin dó. Tar éis dó sealanna a chaitheamh leis an iriseoireacht i mBaile Átha Cliath, i gCeanada agus ar an Ómaigh, tá sé anois ina chónaí i gCaisleán na Deirge, Contae Thír Eoghain.

Mar scríbhneoir, díríonn sé ar na rudaí ar mian leis féin eolas a fháil orthu. Ba é an saghas sin fiosrachta a bhí mar spreagadh don leabhar. “Bhí mé fiosrach mar go bhfuil an oiread sin rudaí sa tsaol anseo nach labhraímid fúthu go hoscailte. Tá thart ar 25,000 duine ar an Ómaigh agus bíonn 1,000 acu siúd páirteach i mórshiúlta na mbannaí trí lár an bhaile – agus ligimid orainn nach bhfuil sé ag tarlú.”

Feiceann Darach fás na mbannaí mar léiriú beo fuinniúil den Dílseachas Ultach. “Mar sin féin, ní hionann an clú atá orthu agus atá ar an Ord Buí, cé go bhfuil meath air sin le fada,” ar sé. “Is rud níos beoga, níos fuinniúla atá sna bannaí; seo é an cineál Dílseachais a bheidh ann amach anseo. Theastaigh uaim a fháil amach cad é a spreag iad, agus cad é a spreagann na daoine a bhíonn páirteach iontu.”

Tá na bannaí le fáil go forleathan, “rud nach bhfuil ar eolas ag daoine nach bhfuil ceangailte leis na bannaí. Tá siad ar fad neamhspleách ar a chéile. Bunaíodh iad, maoinítear iad agus eagraítear iad uilig go neamhspleách ar a chéile. Ní bhíonn an tArd-Lóiste Buí a rá leo cathain a ndéanfaidh siad rudaí. Tá achan bhanna freagrach as féin, tá a sprid féin aige.” Ní ar mhaithe le cúrsaí polaitíochta atá siad ann ach oiread. “Tá siad ann le ceol a sheinm agus le bheith ag máirseáil.”

Tá 584 banna ann. “In iarthar Thír Eoghain, níl mórán bannaí ‘fola agus toirní’ ann agus is mó bannaí píob atá ann,” arsa Darach. “Tá trí cinn ar an Ómaigh, tá beirt i gCaisleán na Deirge, tá ceann ar an Bhaile Nua agus tá ceann i nDún na Manach.” Tá i bhfad níos acu in Ard Mhacha agus sa Dún. 

Tá cosúlachtaí idir na bannaí agus Cumann Lúthchleas Gael, dar le Darach. “Tá an ról céanna acu agus atá ag CLG – agus deirim sin mar dhuine atá ag plé le CLG ar feadh mo shaoil. Baineann siad le ceantar áitiúil, tá an-bhród orthu as a gcomharsanacht féin agus tá a gcuid féiniúlachta bunaithe ar an mheas atá acu ar a gceantar féin, díreach mar atá i gceist le clubanna CLG. Bíonn daoine óga páirteach ann, díreach mar bhíonn i gclubanna CLG. Déanann na bannaí scileanna a theagasc, músclaíonn siad meas an phobail ar an cheantar. Is é sin go díreach an rud atá déanta ag CLG thar na blianta. Tá siad préamhaithe sa chomharsanacht.”

Tá na baill is óige de na Castlederg Young Loyalists sna déaga, na baill is sine sna 30idí luatha. Níl móran acu níos sine ná sin, agus is mar mheantóirí a fheidhmíonn siad siúd atá. “Díreach mar a tharlaíonn sna clubanna CLG, ní bhíonn siad chomh gníomhach céanna nuair a shocraíonn siad síos i bpost agus nuair a bhíonn clann acu agus mar sin. Bíonn na daoine óga ag cleachtadh ar a laghad oíche sa tseachtain.” Bíonn séasúr na máirseála ann ó mhí na Márta go mí Dheireadh Fómhair. Sa tsamhradh, thiocfadh leis an bhanna bheith ag máirseáil trí nó ceithre huaire sa tseachtain. Sa gheimhreadh, bíonn coirmeacha ceoil laistigh acu.

Tá na bannaí sofaisticiúil ó thaobh an cheoil agus eile de. “Ní hé an ceol amháin atá mar ghné thábhachtach de na bannaí fola agus toirní. Tá na mórshiúlta ann fosta: tá tábhacht leis an éide, caithfear cuma snasta a bheith ort agus smacht a bheith ort agus tú ag máirseáil.”  Le tamall de bhlianta anuas tá na bannaí ag dul le séiseanna fliúite, na Castlederg Young Loyalists ar cheann acu seo. Bíonn siad ag seinm fonn d’achan saghas, poirt Éireannacha ina measc.

Tá Darach suite de gur dlúthchuid de thraidisiún na hÉireann iad na bannaí. “Is traidisiún dúchasach cultúrtha iad, tá mé cinnte de sin. Ní thiocfadh leat an rud céanna a shamhlú taobh amuigh den tír seo. Is rud measartha nua é an fhuil agus toirneach, áfach, rud a d’eascair as na Trioblóidí. Agus is é sin an rud atá tarraingteach faoin traidisiún seo: scaoileadh cuid mhór feirge agus forrántachta díreach trí dhrumaí a chnagadh. Ní dóigh liomsa go dtugtar a gceart dóibh as sin. Caitheadh anuas orthu mar eite cheoil na bparaimíleatach dílseach ach ní hé sin an tuiscint atá agamsa orthu.”

Is Briotanaigh Éireannacha iad lucht na mbannaí, dar leo féin, féiniúlacht a bhfuil siad compordach léi. Tá siad difriúil ón trí institiúid Dhílseacha – an tOrd Buí, an tOrd Dubh agus na Printísigh – nó ní bhíonn siad ag adhradh ríthe nó rud ar bith as an stair. “Má tá laochra ag na bannaí ar chor ar bith, is iad lucht an 36ú Rannán Ultach iad a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá an-tionchar aige seo ar an rud a dhéanann siad – an traidisiún máirseála, an cineál ceoil a sheinneann siad, fiú amháin an éide a chaitheann siad. Is leis an lucht oibre a bhaineann siad, níl dúil ar bith acu sa mheasúlacht a shamhlófá leis an mheánaicme.”

Bunaíodh na Castlederg Young Loyalists i 1977. Bhí bannaí fola agus toirní á mbunú go flúirseach ag an am. “Beidh cuimhne láidir ag fir Phrotastúnacha atá sna caogaidí anois ar an chéad uair gur chuala siad banna fola agus toirní,” a deir Darach. “Dúirt an-chuid acu liom go raibh sé cosúil le taispeánadh. Nuair a rinneadh rialtas Stormont a lánscor go luath sna 1970idí, bhí institiúidí an Aontachais, a bhí ag cothú an phobail Phrotastúnaigh leis na glúnta go dtí sin, dá gcreimeadh. Leis na bannaí, bhí rud éigin eile ag fir agus ag stócaigh Phrotastúnacha lena thaispeáint don saol mór go raibh siad ‘proud to be Prod’. Ba chineál mana é sin a bhain leis an fhuil agus toirneach. Ghlac siad chucu féin traidisiún na ndrumaí, na bhfliúiteanna agus na máirseála. Ba ionann é sin agus a rá, ‘Níl náire orainn mar gheall ar cé sinn féin, níl náire orainn as ár gcultúr ná ár stair.’”

Tháinig forbairt ar chultúr an lucht oibre sna 1970idí ar fud na n-oileán seo. Ba chuid den bhorradh sin na bannaí fola agus toirní, ach bhí faobhar leo mar gheall ar na Trioblóidí. Ba fhir óga den lucht oibre a bhí iontu. Dúirt roinnt acu le Darach “nach dtiocfadh leat clárú san Ord Buí. Tá an tOrd Buí bunaithe go mór ar an chreideamh. Muna dtéann tú go rialta chun na heaglaise, ní ligtear isteach thú.” Ní raibh an chuid ba mhó acu ábalta dul isteach san Ord, a thugann Darach le fios, “ach chláraigh siad le banna, chuir siad athruithe i bhfeidhm sa bhanna agus sheinn an saghas ceoil a thaitin leo féin.” Bhí sin callánach, dúshlánach. “Thóg siad foinn Éireannacha – cuid mhór acu atá ag an dá phobal – agus chuir a mblas féin orthu.”

Más ‘fuil agus toirneach’ an cur síos atá acu orthu féin, níl náire ar bith orthu as lipéad ‘ciceáil an Pápa’ ach oiread. “Bíonn meangadh gáire orthu nuair a deir tú é sin leo. Dúirt fear amháin go dtugann Caitlicigh ‘bannaí ciceáil an Pápa’ orthu le teann samhnais, agus go dtugann Dílseoirí óga an rud céann orthu de ghrá dóibh.”

Bíonn na húdaráis agus an lucht oifigiúil ag caitheamh anuas ar na bannaí, an t-Aontachas oifigiúil go háirithe. Nuair a d’oir sé don Aontachas oifigiúil úsáid a bhaint astu, rinneadh sin, ansin séanadh go pras iad. Cuireann an lucht oifigiúil ina leith nach bhfuil smacht orthu, nach bhfuair siad oiliúint ar bith sa cheol.

Ní hé sin an taithí atá ag Darach orthu. Chuir an éagsúlacht tuairimí ina measc idir iontas agus áthas air. I ndiaidh dó cead a iarraidh, chuaigh sé chuig seisiúin chleachtaidh de chuid na Castlederg Young Loyalists. “Bhí mé neirbhíseach. Ba fhir óga Phrotastúnacha iad seo a bhíonn ag seinm ceol ionsaitheach agus faobhar de chinéal éigin leis. Ach is é an rud a fuair mé romham dáiríre ná scaifte stócach den chineál chéanna a gheobhfá i gclub ar bith de chuid Chumann Lúthchleas Gael nó i gclub sacair; is leaids óga iad go bhfuil smacht acu orthu féin, go bhfuil siad ábalta dul agus ceol a fhoghlaim ar uirlis a thaitníonn leo. Casadh orm fir óga a bheadh iontach saolta ina ndearcadh, cuirim i gcás, agus chuir mé aithne fosta ar fhear óg áirithe atá ina Chríostaí athbheirthe. Ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin suime ag an chuid is mó acu sa pholaitíocht. Má tá, tá siad chomh polaitiúil le duine ar bith ó thuaidh atá idir cúig bliana déag agus cúig bliana is fiche d’aois.”

Bhí Darach ar chuid mhór paráideanna in 2009. “An t-aon cheann nach raibh mé ar mo shuaimhneas ann ná ar an Ghallbhaile i dTír Eoghain, ceann Poblachtach, mar go raibh caighdeán na mbannaí uafásach.” Dar le lucht na mbannaí fola agus toirní, tá na bannaí Poblachtacha míshlachtmhar, ach tá an t-ord agus an t-eagar go smior iontu féin.

Chuir na Castlederg Young Loyalists an-fháilte roimh Dharach. “Caithfidh mé buíochas a ghabháil le Derek Hussey (comhairleoir Aontachtach Ultach) as mé a chur in aithne don bhanna. Rinne Trevor Donnell, an bannamháistir, a sheacht ndícheall le mé féin a chur ar mo shuaimhneas agus na daoine óga sa bhanna a chur ar a suaimhneas. Léirigh siad meas orm i gcónaí, i bhfad níos mó ná mar a bheifeá ag súil leis ag daoine óga den aois sin. Bhí an meas agus an smacht le mothú ann mar go raibh siad mar ionadaithe ar an bhanna s’acu.”

An tUltach, Iúil, 2010

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Fuil, Toirneach agus Ciceanna ar an Phápa

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s