Cúpla focal – nó cúpla líne féin má éiríonn go maith leis

 

"Tá Fianna Fáil dalba," arsa Frank.

Arís eile tá duine nach bhfuil Gaeilge aige ceaptha ag Fine Gael mar urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.

An scéal in Gaelscéal an lae inniu.

 Is é Frank Feighan urlabhraí nua Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. 
Ceapadh ar bhinse tosaigh nua Enda Kenny an tseachtain seo caite é agus glacann sé áit Michael Ring, atá anois mar urlabhraí Coimirce Sóisialaí an pháirtí.
 
Níl urlabhraí Gaeltachta nua Fhine Gael cinnte faoi na “fadhbanna” atá ann sna ceantair Ghaeltachta agus deir sé go bhfuil aird tarraingthe ar fhormhór na gceisteanna móra cheana.
Mar cheann de phríomhpháirtithe freasúra an rialtais, tá Fine Gael ag súil go n-éireoidh leo a bheith i gcumhacht sula i bhfad.
Más é Frank Feighan a bheidh mar chéad Aire Gaeltachta eile, céard atá i ndán dúinn?
Deir Frank go bhfuil “Gaeilge an-teoranta” aige, agus go mbeidh sé ag déanamh iarrachta cúpla focal nó “b’fhéidir cúpla líne” a fhoghlaim amach anseo.

Ní chreideann sé go bhfuil sé “róthábhachtach” go mbeadh Gaeilge ag an té a cheaptar sa phost seo.
Ag caint faoi leathnú na Gaeltachta agus faoi phobail Ghaeilge i gceantair uirbeacha, deir Feighan go bhfuil an obair ar fad atá á déanamh i mBéal Feirste agus i nDoire “go hiontach”, agus gur “eiseamláir” iad na háiteanna seo den bhealach gur cheart don Ghaeltacht a bheith.
Beidh an tUasal Feighan ag dul ar cuairt chuig formhór na gceantar Gaeltachta sna míonna amach romhainn agus é ag iarraidh “dul i dtaithí” ar a phost.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
09 Iúil 2010

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Cúpla focal – nó cúpla líne féin má éiríonn go maith leis

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s