Ar an lá seo, 1960: Bás Francis Browne, grianghrafadóir ar an Titanic

Le hAodhán Ó Raghailligh
 
 
 D’éag Francis Browne, Íosánach agus grianghrafadóir. Nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill i mí Aibreáin 1912 bhí tuairiscí faoin tubaiste, agus ar ndóigh grianghraif, sna nuachtáin ar fud an domhain. Ina measc bhí grianghraif a ghlac paisinéir a chuaigh ar bord na loinge ag Southhampton ach a chuaigh i dtír, ar an dea-uair, ag an Chóbh. An duine sin ná Browne, mac léinn Íosánach ag an am, a raibh a cheamara leis, bronntanas óna uncail, Easpag Chluana.

Tar éis a oirnithe i 1915 bhí Browne marsheiplíneach leis na Irish Guards sa Fhrainc. Cuireadh chun na hAstráile é ar feadh dhá bhliain. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag cur cúrsaí spioradálta ar siúl ar fud na hÉireann agus Shasana.

Lean sé leis ag grianghrafadóireacht agus d’fhág sé bailiúchán de 42,000 claonchló, agus nótaí leo, ina dhiaidh. Thángthas orthu i gcartlann Íosánach i 1985, cúig bliana tar éis a bháis. Glacadh 35,000 acu in Éirinn, 4,800 acu siud i mBaile Átha Cliath, agus an chuid eile thar sáile. Tá an bailiúchán cáiliúil seo á chaomhnú anois mar oidhreacht náisiúnta. Féach Father Browne’s Ireland (1989) agus Father Browne’s Dublin (1993).

An Titanic ag imeacht as Queenstown, nó An Cóbh, i gContae Chorcaí.
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s