Ar an Lá Seo: 30 Meitheamh 1690

Lá dá shaol – Liam Oráisteach
le hAodhán Ó Raghailligh

Ó bhánú an lae, nuair a fuair sé scéala go raibh arm a athair chleamhnais, an Rí Séamas, i gcampa ag an Bhóinn, stiúraigh Liam gluaiseacht a airm (36,000 Sasanach, Ollanach, Francach, Gearmánach, Danmhargach agus Protastúnach Ultach) óna gcampa i mBaile Átha Fhirdhia go dtí an taobh ó thuaidh den Bhóinn.

I ndiaidh dó cuntas a dhéanamh ar na bratacha ar foluain ar an taobh ó dheas den abhainn, chuir seanoifigeach Ollanach dá chuid in iúl dó go raibh thart fá 25,000 ag an namhaid. Bhí an buntáiste aigesan.

Go luath sa tráthnóna, agus é ag ligean a scíthe ar chnocán beag, mharaigh caor ordanáis de chuid an namhad saighdiúr agus dhá chapall taobh leis agus scinn an ghualainn s’aige.

Liam Buí

Ar a ceathair a chlog, tar éis dó cóir leighis a fháil, d’ith sé a dhinnéar agus ar a naoi a chlog an oíche sin tháinig an chomhairle chogaidh le chéile. Ní raibh a phríomhcheannairí, Schomberg agus Solms, ar aon intinn faoin straitéis. Mhol Schomberg gur chóir an chuid is mó den arm a chur go Ros na Rí agus ionsaí a dhéanamh ar chliathán clé arm Shéamais. Mhol Solms ionsaí mór amháin ag an Sean-Droichead.

Rinne Liam comhréiteach. Chuir sé 10,000 go Ros na Rí ach bhí an príomhionsaí le bheith ag an Sean-Droichead. Tugadh orduithe ansin dá shaighdiúrí a bheith réidh ag breacadh an lae agus craobhóga glasa ar a gcuid caipíní acu chun idirdhealú a dhéanamh le saighdiúirí Shéamais. Bheadh páipéar bán á chaitheamh acusan.

Tuirseach traochta, chuaigh Liam a luí tamall gairid i ndiaidh an mheán oíche.

Advertisements

2 thuairim ar “Ar an Lá Seo: 30 Meitheamh 1690

  1. An bhfuil tú cinnteach go raibh a champa aige cois Átha Fhirdhia? Shíl mé riamh go raibh campa aige taobh Dhún Dealgan agus ina dhiadh sin ag Baile an Ghearláinigh roimh an chatha, é ag dul ó dheas an bealach ar fad

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s