Máguaird – Mionrudaí a léiríonn cuid mhór

Tá tábhacht leis na mionrudaí má tá tú ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhuine.

Cuireadh dianoiliúint orainn ar scoil i dtaca le cúrsaí litrithe agus gramadaí agus dúradh linn go raibh tábhacht leo le tú féin a chur chun tosaigh, go háirithe i saol na fostaíochta.

Ar ndóigh, níl duine ar bith againn saor ó locht agus sleamhnaíonn earráidí beaga fríd an eangach ó am go chéile. Agus bíonn cásanna ann nuair is tábhachtaí aird a dhíriú ar an scéal is leithne ná ar na mionrudaí. 

Ach tá cásanna ann go bhfuil tábhacht leis na mionrudaí mar léiríonn siad cuid mhór.

Cuirim i gcás grúpa nua náisiúnta polaitíochta atá ag iarraidh ainm nua a cheapadh dó féin. Luífeadh sé le ciall a chinntiú go mbeadh an t-ainm ar an ghrúpa nua litrithe mar is ceart, nach luífeadh?

Tá scéal san Irish Times inniu fá ghrúpa nua polaitíochta atá bunaithe. Glasaigh atá míshásta leis an Chomhaontas Ghlas atá páirteach sa rialtas, mar aon le grúpaí ar cás leo an chóir shóisialta atá sa ghrúpa seo.

De réir an nuachtáin, ‘An Fís Nua / A New Vision’ an t-ainm atá ar an ghrúpa seo. Ní fios cé acu is cúis leis an drochghramadach – an grúpa féin nó an Irish Times. 

‘An Fhís Nua’ ba cheart a bheith ann, ar ndóigh.  Mionrud, ach cheisteofá láithreach iontaofacht an ghrúpa seo muna bhfuil siad in ann a n-ainm féin a litriú mar is ceart.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s