In Ainm na Máthar – Corn an Domhain

Tá neamhshuim ag Máire Zepf sa tsacar
ach bíonn radharcanna deasa agus ábhar
scleondair
ann mar sin féin

Máire Zepf - imreoirí sacair mar lón súl aici le linn Chorn an Domhain

Deirtear go bhfuil billiún duine ar fud an domhain ag leanstan an Corn Domhanda sa tsacar fá láthair. Billiún duine ag séideadh na n-adharc Vuvuzela, ag líonadh isteach na scóranna ar chairteacha balla, ag bailiú na gcártaí agus ag screadadh ar an teilifís. Agus tá mise i mo chónaí le triúr acu.

Thuig m’fhear céile le fada an lá nach bhfuil suim ná tuiscint agam ar an chluiche, ach anois, ba mhaith le m’iníon (6 bliana d’aois) oideachas a thabhairt dom. Tá sí féin, a deartháir agus a Daidí ar son fhoireann na Gearmáine, a bhfuil ag éirí go hiontach leo. Tá an teach maisithe acu le bratacha dubh, dearg agus dath an óir, agus tá an chaint ag am dinnéara faoi chos nimhneach Michael Ballack nó faoi straitéis cosanta Jogi Löw.

Caithfidh mé a admháil i ndiaidh cúpla seachtain de seo, go bhfuil an scleondar uilig cineál tógálach. Tá muid inár gcónaí sa Ghearmáin, i bhfoirgneamh de chuid an Max Planck Institut, atá lán de heolaithe ó gach cearn den domhan. Leis na fuinneoga oscailte ar oícheanta teolaí, cluintear gach scairt, scread agus éagnach ó na hárasáin éagsúla – an dóchas agus an díomá as fud fad an domhain.

Anois, agus na cluichí ar siúl, tuigim nach pionós ar bith é a bheith ag amharc ar fhir óga aclaí ag rith thart ar an pháirc ar scor ar bith. Ní dhéanfaidh siad leantóir ceart díom riamh, ach thiocfadh liom sult a bhaint as seo mura dtarlaíonn sé ach uair gach ceithre bliain.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s