Ar an Lá Seo – 25 Meitheamh 1950

le hAodhán Ó Raghailligh

Bádh Muiris Ó Súilleabháin (46), agus é ag snámh amach ó chósta Chonamara. Tá cuimhne ar Ó Súilleabháin, fear de bhunadh an Bhlascaoid Mhóir, as a dhírbheathaisnéis Fiche Bliain ag Fás (1933). George Thomson/Seoirse Mac Tomáis, scoláire as Cambridge, a spreag é le leagan an fhir óig de shaol an oileáin a scríobh – mar chontrárthacht leis An t-Oileánach (1929) le Tomás Ó Criomhthainn (1854-1937). Saothar clasaiceach i gcónaí é i litriocht na mBlascaod.

Iarsmaí an tí ar an Bhlascaod Mhór inár chónaigh Muiris Ó Súilleabháin, údar 'Fiche Bliain ag Fás'

Féach Aghaidheanna Fidil agus Púicíní: Seoirse Mac Tomáis in Éirinn, 1923-1934 le Muiris Mac Congháil (Sairséal/Marcaigh, 2009) ina bhfuil cuntas bríomhar ar an Sasanach suntasach sin agus ar Fiche Bliain ag Fás.

An tUltach, Meitheamh 2010

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s