Comórtas Peile na Gaeltachta i mBéal Feirste

Déanfaidh Gráinne Holland múrmhaisiú nua na Ceathrún Gaeltachta a nochtadh go hoifigiúil amárach (An Mháirt 22 Meitheamh) ar 2pm.

Ba cheart Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil i mBéal Feirste. Tá na háiseanna cuí ann – páirceanna peile agus seomraí feistis d’ardchaighdeán, tithe lóistín agus óstáin, lucht tacaíochta agus cainteoirí Gaeilge go leor.

De réir na dtuairiscí ar fad a tháinig chugainn ó Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana a bhí ar siúl i mBéal an Mhuirthead ag tús na míosa seo, chuaigh foireann Bhéal Feirste – Laochra Loch Lao – agus a lucht tacaíochta i bhfeidhm go mór ar achan duine a bhí i láthair. Cé gur buaíodh ar an fhoireann féin sa chluiche leathcheannais, bronnadh teideal An Cailín Gaelach don dara bliain as a chéile ar ionadaí na Laochra. Thug Gráinne Holland an teideal léi i mbliana, Róise Nic Corraidh anuraidh.

Laochra Loch Lao

Is Feirsteach agus is feiceálach ar fad an dóigh atá aimsithe ag muintir na Ceathrún Gaeltachta le ceiliúradh a dhéanamh ar spórt agus ar chultúr Gaelach na háite. Tá múrmhaisiú nua le feiceáil ar an bhalla múrmhaisithe ag bun na bhFál. Danny Devenney and Marty Lyons na healaíontóirí, Raidió Fáilte, Forbairt Feirste agus Laochra Loch Lao a choimisiúnaigh. Téann préamhacha an chultúir i bhfad siar, breis agus míle bliain.

Tá peileadóirí an lae inniu le feiceáil sa phictiúr, tá lon dubh sa lár (siombail na Laochra), agus ar an dá thaobh tá leagan Sean-Ghaeilge agus leagan Béarla den dán cáiliúil ón 9ú haois fán lon dubh a thaithigh ceantar Loch Lao.    

Int én bec 
ro léic feit
do rinn guip
glanbuidi:
fo-ceird faíd
ós Loch Laíg,
lon do chraíb
charnbuidi.
(Ní fios cé a chum)

An t-éan beag
a lig fead
de rinn ghoib
ghlanbhuí;
caitheann [sé] faí
os Loch Lao
lon de chraobh
charnbhuí.
(Leagan Nua-Ghaeilge le Nollaig Ó Muiríle, 2007)

Advertisements

4 thuairim ar “Comórtas Peile na Gaeltachta i mBéal Feirste

  1. Ba cheart, gan amhras, Comórtas Peile na Gaeltachta a reachtáil i mBeal Feirste. Sin feachtas a bhí ar bun ag Lá Nua trath dá raibh an nuachtán sin beo.
    An deacracht leis an achainí go bhfuil na h-ionaid do Chomórtas Peile na Gaeltachta socruithe idir é seo agus 2020 creidim – beidh sé i dTír Chonaill i 2011 agus 2012. B’fhéidir gur féidir libh fiafraí ar na Conallaigh gar a dhéanamh do mhuintir Bhéal Feirste?

  2. Na Laochra Loch Lao Abú!

    Chaith mé deireadh seachtaine den chéad scoth i mBéal a’ Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo ar dhuine de lucht tacaíochta Laochra Loch Lao ag tús mhí Mheithimh.
    Agus mar a dúirt Séan Bán Breathnach, ón Raidió na Gaeltachta RTÉ, cluiche eipiciúil sa chluiche idir na Laochra agus na Dúnaibh.
    Comhscór ag an deireadh agus ansin…I ndiaidh seacht mbomaite d’am breise, scóráil na Dúnaibh cúl agus cúilín.
    Scór ag an deireadh – Na Dunaibh 3-14 – Laochra Loch Lao 3-13 .

    Tá mé iontach bródúil as na Laochra agus as é a bheith le rá agam go raibh mé ann. Tá suil agam nach mbeidh muid ag fanacht ró-fhada go dtí go dtagann Comórtas Peile na Gaeltachta chuig An Cheathrú Ghaeltachta!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s