Tuarascáil Saville – deireadh leis an scéal?

Ordóga in airde, iad fáiscthe trí bhearna bheag i bhfuinneog sa Ghildhalla.  Comhartha beag simplí é, comhartha beag a léirigh an sásamh agus an faoiseamh a bhí ar ghaolta na ndaoine a maraíodh Domhnach na Fola i nDoire.  Ba leor é, ina mbarúil siúd, mar achoimre ar an 5,000 leathanach i dtuarascáil Saville.

Faoiseamh ceann de na focail atá ar bheola daoine eile a bhí páirteach sa mhórshiúl 30 Eanáir 1972 anois go bhfuil breithiúnas Saville tugtha.  Faoiseamh go bhfuil an tréimhse feithimh thart, faoiseamh go bhfuil sé fógraithe go hoifigiúil go bhfuil an ceathrar déag a fuair bás neamhchiontach, faoiseamh go nglacann rialtas na Breataine leis nach inchosanta an méid a rinne saighdiúirí áirithe dá gcuid a mharaigh sibhialtaigh.

Tá an iliomad tuairimí faoin scéal seo nochtaithe ag daoine éagsúla, cuid acu atá fíorshásta le breithiúnais Saville, cuid acu a chreideann nach bhfuil ann ach cleas polaitiúil – ar mhaithe leis an phróiseas síochána.  Daoine mar Gregory Campbell (DUP) atá ar an darna dream seo, ach bheadh sé deacair ag a leithéidí sin féin a shéanadh go ndeachaigh na Paras thar fóir ar fad nuair a scaoil siad daoine a bhí ar a dteitheadh uathu agus gur mícheart amach an rud a rinne siad.

Beidh ar an Stiúrthóir um Ionchúiseamh Poiblí cinneadh a dhéanamh amach anseo an bhfuiltear leis na saighdiúirí a rinne an marú a thabhairt chun na cúirte.  An gcuirfear faoi thriail iad nó an ligfear dóibh?  Táthar ann a deir go bhfuil dóthain ama agus airgid caite ar an fhiosrúchán ar Dhomhnach na Fola agus nach ndéanfadh sé maith ar bith iad a ionchúiseamh ag an phointe seo. Aghaidh a thabhairt ar an am atá le teacht, a mholann siad, seachas ar an am atá caite, is cuma cad iad na huafáis a thit amach.

Is fíor nach féidir dul siar san am agus malairt eachtraí a dhéanamh.  Ach mar shochaí caithfimid ceist a chur orainn féin – an bhfuil muid sásta glacadh leis go bhfuil cás ar bith ann gur inghlactha an rud é an marú agus ansin, scaoileadh leis mar scéal gan é a cheistniú i gcúirt?

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s