Post i nGlór na nGael

Preasráiteas ó Ghlór na nGael

‘Dea-scéal agus céim chun tosaigh’ a dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann an tseachtain seo agus é ag fógairt poist, atá páirt-mhaoinithe ag Údarás na Gaeltachta, ina oifigí i Ráth Chairn, Co na Mí. 

Tá Glór na nGael ag lorg Oifigeach Margaíochta dá suíomh agus siopa ar líne udar.ie. Tá duine á lorg a bheidh in ann plean margaíochta a chur le chéile don togra, chomh maith le margaí agus ábhar nua a aimsiú a bheidh feiliúnach don suíomh, agus dá bhrí sin a chuirfidh le díolacháin reatha udar.ie. 

‘Beidh duine cumasach uainn don phost tábhachtach seo,’ arsa Mac Gabhann, ‘duine a bheidh i mbun nua-theicneolaíochta, riaracháin agus ar ndóigh le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa. Táimid an-sásta go bhfuil páirtnéireacht againn san fhiontar seo le hÚdarás na Gaeltachta. Tá ard-oifig Ghlór na nGael suite i Ráth Chairn ach ar ndóigh d’fhéadfadh obair http://www.udar.ie a bheith náisiúnta, agus go deimhin idirnáisiúnta. Mar sin tá duine físiúil de dhíth leis an siopa ar líne d’ábhar Gaeilge agus Éireannach’ a fhorbairt sa bhliain romhainn.” 

Tá gach eolas faoin phost ar fáil ó: An Ceannasaí, Glór na nGael Teo, Ráth Chairn, Baile Atha Buí, Co. na Mí 
Guthán : 046 – 9430974 
Ríomhphost : lorcan@glornangael.ie 
http://www.glornangael.ie

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s