15 Meitheamh, 1919

‘Ar an Lá Seo’ le hAodhán Ó Raghailligh
An chéad eitilt trasna an Atlantaigh

Ag 8.40 r.n. thuirling an Captaen John Alcock agus an Leifteanant Arthur Whitton Brown srón síos ar an phortach ag Deirgimleach, gar don Chlochán, Co. na Gaillimhe, tar éis dóibh turas ó Thalamh an Éisc a chur díobh in 15 uair agus 57 bomaite.

Turas scáfar go deo a bhí acu. An t-eitleán féin, ní raibh ann ach seanbhuamadóir de chuid Arm na Breataine, an Vickers Vimy, déanta as adhmad agus canbhás agus ceangailte le chéile le sreanga miotail. Taobh istigh d’uair an chloig theip ar an chóras teasa, rud a d’fhág préachta leis an fhuacht iad as sin amach. Ansin, thit an sceithphíopa de cheann de na hinnill, rud a chuir stop – de thairbhe an challáin uafásaigh – le comhrá ar bith eatarthu.

Agus ansin, bhí orthu déileáil leis an aimsir. Faoi 600 míle amach ó chósta iartharach na hÉireann tharla stoirm mhillteanach thoirní agus ansin stoirm shneachta. B’éigean do Brown dhul ar na ceithre boinn amach ar an eite leis an oighear a bhriseadh as na hinnill. Agus, i dtreo aer níos teo a fháil, b’éigean dóibh an chuid eile den turas a chur díobh ar airde 500 troigh. Mar an gcéanna, má theip orthu landáil i Londain – mar a bhí beartaithe acu – bhí, gan amhras, lúcháir nach beag orthu bualadh ina mbeatha le fód glas na hÉireann.

Aodhán Ó Raghailligh, An tUltach, Meitheamh 2009

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s