Snámh urraithe

Is breá cruthaitheach ar fad é an smaoineamh is deireanaí ag Marcas Mac Ruairí agus a chairde airgead a bhailiú do Naíscoil Dhún Phádraig.  Beidh grúpa ‘gan eagla’ ag dul thart ar Éirinn an chéad deireadh seachtaine i mí Iúil le snámh urraithe a dhéanamh. Rachaidh siad ag snámh i dtrá in achan chontae in Éirinn a bhfuil trá chósta ann.  

Trá i dtuaisceart Dhún na nGall

Deir na heagraitheoirí go ngearrfar fíneáil ar aon duine den ghrúpa nach gcuirfidh a chloigeann faoi uisce, ach ní luaitear cad é go díreach an fhíneáil a bheidh i gceist, agus caithfidh gach duine cúig bhomaite ar a laghad a chaitheamh san uisce agus £300 a bhailiú ar son na naíscoile.

Ní gá bheith buartha fán uisce i bhformhór mór na dtránna in Éirinn nó tá siad iontach glan agus tá íoschaighdeáin an Choimisiúin Eorpaigh bainte amach acu.

Is fearr cuid acu a seachaint, áfach. De réir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, tá 23 áit in Éirinn ina bhfuil cáilíocht an uisce íseal (b’fhíor na figiúirí sin an tseachtain seo caite). Ina measc tá an Clochán i gCo na Gaillimhe, Enniscrone i gCo Shligigh, an phríomhthrá san Eochaill i gCo Chorcaí, Trá an Dúin Mhóir i gCo Phort Láirge, Dún Canann i gCo Loch Garman agus an trá thosaigh i mBaile Brigín i gCo Bhaile Átha Cliath.

Tá súil againn go bhfanfaidh lucht tacaíochta Naíscoil Dhún Pádraig amach ó na tránna is ísle caighdeán agus go mbaileoidh siad na múrtha airgid ar son na scoile.

Go raibh an dea-aimsir leo agus nach raibh siad chomh préachta sin ag an uisce farraige go raibh siad dóite ag an fhuacht.

Advertisements