Ionsaí Iosrael le héirí na gréine

 

 

Shane Dillon

Bhí Shane Dillon mar chuid den chabhlachán go Gaza ar chuir fórsaí Iosrael stop leis i bhfarraigí idirnáisiúnta. Labhair sé le hAnton Mac Cába faoina bhfaca sé an mhaidin fhuilteach sin, 31 Bealtaine 2010.

Ba é a thaithí mar mhairnéalach a thug ar Shane Dillon bheith mar chuid den chabhlachán go Gaza. Bhí sé ar an long Challenger 1 a ndearna na hIosraelaigh ionsaí uirthi an mhaidin chéanna a rinne siad ionsaí fuilteach ar an Mavi Marmara. Ní gníomhaíoch polaitiúil é Shane agus ní gníomhaíoch é ar son ceart daonna. Ní raibh sé riamh bainte le cúrsaí polaitiúla. Is amhlaidh gur fear é gur trua leis fulaingt phobal Gaza.

Mavi Marmara: D’imigh an cabhlachán ó chósta na Cipire, 10,000 tonna d’earraí éagsúla á n-iompar acu le tabhairt go Gaza.

Shane 11 bhliain ina mhairnéalach ar longa tráchtála, thart ar an Eoraip den chuid is mó. Ba trí sheans a tharla sé go raibh sé sa chabhlachán. Is ceoltóir leis an ghrúpa Kíla agus ball d’Fheachtas Comhbhá na hÉireann leis an Phailistín é deartháir Shane, Eoin Dillon. Chuir Derek Graham, ball eile den Fheachtas, ceist ar Eoin an raibh aithne aige ar dhuine ar bith a bhí eolach ar an loingseoireacht. Bhí mar a tharla – a dheartháir féin.

Nuair a iarradh ar Shane dul ar an turas, bhí sé breá sásta cuidiú a thabhairt. “Bhí suim agam i ngné na carthanachta daonnúla den scéal; tá imshuí i bhfeidhm agus cosc ar chúnamh dul isteach go Gaza,” ar sé. “Níl mé in éadan na n-Iosraelach, nó ar son na bPailistíneach. Tá mé ar son ceart daonna. Chuaigh mé mar mhairnéalach mar go bhfuil scileanna muirí agam. B’shin é an fáth go raibh mé ar an bhád. Níl mé gníomhach i gceann ar bith de na grúpaí.”

Má éiríonn leis an Fheachtas cabhlachán eile a chur le chéile, tá súil ag Shane bheith páirteach ann. “Go dtí go gcuirfear deireadh leis an imshuí ar chalafort Gaza, beidh suim agam dul ann,” ar sé.

http://www.youtube.com/watch?v=ONeslRGR2pQ&feature=related

Chonaic sé tús an ionsaí fhuiltigh ar an Mavi Marmara, an long Thurcach ar ar mharaigh fórsaí Iosrael naonúr, ar a laghad. Bhí an dá long thart ar 80 míle amach ó thír mhór, iad 150 slat óna chéile. “Thiocfadh linn scairteadh le muintir an Mavi Marmara,” arsa Shane. “Nuair a d’ionsaigh na hIosraelaigh, theannamar níos cóngaraí dóibh le go mbeadh sé níos deacra ag na hIosraelaigh dul ar bord.”  

Tharla an t-ionsaí díreach roimh éirí na gréine, thart ar a ceathair a chlog ar maidin. Níor tugadh rabhadh ar bith. Thug captaen an Mavi Marmara le fios go raibh dhá bhád ag teacht ina dtreo go gasta, iad ag déanamh ar dheireadh an bháid. “Chonaic mé na soilse ar an dá bhád a bhí chun tosaigh, agus na tonnta ón ochtar rhib a bhí ag teannadh isteach orainn,” arsa Shane. 

Tháinig Fórsaí Cosanta Iosrael i héileacaptair agus i mbáid bheaga a fhad leis an Mavi Marmara.

Ní fhaca sé ach cuid bheag dar tharla ar an Mavi Marmara. Rinne na báid Iosraelacha ionsaí ón deireadh. Bhí gunnaí éagsúla acu, stiúdghránáidí agus gunnaí péinte. Ní gan urchóid na gunnaí péinte; baineadh úsáid astu leis na daoine a bhí le marú a dhéanamh sofheicthe do snípéirí. Ansin, phlódaigh fórsaí Iosraelacha isteach ar an Mavi Marmara. Chonaic Shane an héileacaptar os a chionn.

Agus é seo ag tarlú, bhí tromlach na ndaoine ar an Challenger 1 ina gcodladh. Bhí Shane ar an droichead le duine de na gníomhaígh. Mhúscail sé an captaen agus na hiriseoirí a bhí ar bord. Thosaigh daoine ag séideadh feadóg.

Shocraigh an Challenger 1 scaradh leis an chabhlachán, pictiúir den ionsaí ar an Mavi Marmara a ghlacadh agus iad a chur ar aghaidh tríd an cheangal saitilíte. Fuair siad amach, áfach, gur briseadh an ceangal saitilíte.

“Ag an am, bhí báid ó Fhórsaí Cosanta Iosrael ar achan taobh dínn,” ar seisean. “Chonaiceamar na tóirshoilse ó shoithigh eile Iosraelacha. D’iarr mé ar na gníomhaígh seasamh siar ó thaobhanna an bháid, ar eagla go gcuirfí i sáinn sinn.”

Scaoil na hIosraelaigh bladhm leis an bhád. Chuir sé sin eagla ar dhaoine, nó níorbh eol do chuid acu cad é a bhí sna soilse geala.

Thug an Challenger 1 iarracht ar theitheadh go gasta, ach leis sin, rinneadh damáiste don inneall.

Tháinig na hIosraelaigh ar bord. Shocraigh na daoine a bhí ann gan troid a dhéanamh ina n-éadan. Fuair siad greim láimhe ar a chéile agus cháin siad na hIosraelaigh mar fhoghlaithe mara.

Shane Dillon i ndiaidh dó landáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath

In ainneoin nár throid aon duine a bhí ar an bhád, bhris na hIosraelaigh cuid mhór. Buaileadh cuid den mhuintir a bhí ar bord. Briseadh srón iriseora. Caitheadh go holc le Kate Geraghty, iriseoir ón Sydney Morning Herald. “Diúltaíodh cead do na daoine a bhí ar bord dul go dtí an leithreas,” arsa Shane. “Bhí an chuid ba mhó acu ina gcodladh (nuair a gabhadh an bád). Níor tugadh cead dóibh dul go dtí an leithreas go ceann ceithre huaire an chloig. Ós rud é go raibh mise agus an captaen ag stiúradh an bháid, tugadh cead dúinne, ach níor lig siad dúinn an doras a dhruidim.”

Oradaíodh do Shane agus don chaptaen inneall na loinge a dheisiú. Ansin, ordaíodh dóibh na soithigh Iosraelacha a leanúint – gan a fhios acu cá raibh a dtriall. Ba go calafort Ashdod in Iosrael a tugadh iad. Sular shroic siad tír mhór, glanadh an ghloine bhriste a bhí ar an deic. Tugadh scaifte Iosraelach óg anuas chun na cé, mic léinn ollscoile agus daltaí meánscoile. Bhí an t-ádh ar Shane go raibh sé ar na daoine ba thúisce a tugadh i dtír.  (Shane le feiceáil san fhíseán thíos ag 31 soicind, T-léine glas air).

http://www.youtube.com/watch?v=td8WsdsY0FY&feature=player_embedded

Coinníodh Shane faoi choimeád in Iosrael ar feadh 36 uair. Níorbh eol dó go dtí gur fhill sé ar Éirinn an t-ár a bhí déanta ar an Mavi Marmara. Níor ligeadh amach as an chillín é fiú amháin le toitín a chaitheamh. Bhí an solas ann ar lasadh an t-am ar fad. Ba go hannamh a tugadh cead dó dul chuig an leithreas.

Tugann Shane ardmholadh d’Ambasadóir na hÉireann in Iosrael, Breifne O’Reilly. Thug O’Reilly cuairt ar Shane an mhaidin i ndiaidh gur gabhadh é. Taobh istigh de leathuair an chloig de chuairt an ambasadóra, bhí ambasadóirí ó thíortha eile an Aontais Eorpaigh i dteagmháil leis na saoránaigh acu féin – mar gur chuir O’Reilly ar an eolas iad. An lá i ndiaidh gur gabhadh Shane, díbríodh ó Iosrael é.

Ach níl sé frith-Iosraelach. “Creidim gur cheart go mbeadh cead do dhá stát a bheith ann,” ar seisean. “Nuair a bheidh an rud atá ag teastáil ó dhaoine faighte acu, beidh an áit níos seasmhaí.  Is é Gaza an príosún amuigh faoin aer is mó ar domhan.”

Anton Mac Cába, An tUltach, Meitheamh 2010

http://www.youtube.com/watch?v=BjGoe3Gi-ns&NR=1

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s